|
Conradh
ón Áisínteacht Spáis Eorpach (ESA) Faighte
ag Comhlacht sa Spidéal
Buann
CTL Tástáil Teoranta Conradh le Tástáil a
Dhéanamh ar Ábhair Nua do Theilgeoirí Spáis
Tá
comhlacht sa Spidéal tar éis conradh suntasach a fháil
ón Áisínteacht Spáis Eorpach (European Space
Agency, ESA) chun iniúchadh a dhéanamh ar ábhair
nua treisithe le snáithíní-carbóin, a bhéas
á úsáid i bhfeithiclí spáis amach anseo.
Tá
deichniúr ag obair sa chomhlacht, CTL Tástáil Teoranta,
atá lonnaithe in Eastáit Údarás na Gaeltachta
i mBaile an tSagairt, sa Spidéal. Tá triúr eile fostaithe
ag deirfiúr-chomhlacht sa bhfoirgneamh céanna, ar a dtugtar
Ábhair Cumaisc Teoranta, agus beidh siadsan páirteach sa
chonradh nua le ESA freisin.
Is
éard atá i gceist sa chonradh ó ESA ná tástáil
a dhéanamh ar phróiséas déantúsaíochta
nua d'ábhair cumaisc téarmaplaisteacha treisithe le snáithíní
carbóin. Is é aidhm an togra ná costas na tancannaí
móra artúir (breosla) a úsáidtear ar na teilgeoirí
spáis ar nós Ariane, a ísliú.
Déanfar
tástáil meicniúil agus próiseáil ar
an ábhair nua seo sa Spidéal as seo go ceann bliain go leith.
Is féidir táirgí a dhéanamh i bhfad níos
tapúla agus níos saoire leis na h-ábhair nua téarmaplaisteacha
seo, i gcomparáid leis na h-ábhair atá ann faoi láthair,
agus tá airí meicniúla agus timpeallachta níos
fearr acu freisin.
D'fháiltigh
Stiúrthóir Bainistíochta an chomlacht, An Dr. Conchúr
Ó Brádaigh, leis an gconradh ó ESA, agus dúirt
sé gur thaispeáin sé go raibh CTL Tástáil
Teo. ar cheann de na comhlachtaí taighde agus forbartha is mo le
rá san Eoraip sa réimse seo d'ábhair éadtroma
treisithe le snáithíní carbóin.
Dúirt Pádraig Ó hAoláin LPF/Forbairt Réigiùnach
ar son Údarás na Gaeltachta gur aitheantas é an conradh
seo ó Áisíneacht Spáis na hEorpa don ardchaighdeán
saineolais atá ag an gcomhlacht beag Gaeltachta seo.
Tuilleadh
Eolais:
An Dr. Conchúr Ó Brádaigh, Stiúrthóir
Bainistíochta, CTL Tastáil Teo: 086 283 0452; (091) 504
777
Pádraig Ó hAoláin, LPF/Forbairt Réigiùnach,
Údarás na Gaeltachta: (091) 503 104
Nótaí:
Soláthraíonn CTL Tástáil Teoranta seirbhísí
teastaithe tástáil meicniúil agus fisiciúil
do chomhlachtaí ábhair cumaisc ar fud na h-Eorpa. Is é
CTL an t-aon comhlacht neamhspleach san Aontas Eorpach a dheanann tástáil
teastaithe ar ábhair cumaisc. Seasann na litreacha CTL do "Composites
Testing Laboratory", agus is comhlacht é a d'eascair as Ollscoil
na h-Éireann, Gaillimh. Is iad na margaidh is mó atá
ag CTL Tástáil Teoranta ná i réimsí
aerospáis, cumhacht-gaoithe (eiteogaí), carrannaí,
Formula 1 agus timpeallachta.
Is
ábhair an-éadtrom, ach le h-árd airí iad ábhair
cumaisc, agus go hondúil bíonn siad treisithe le snáithíní
carbóin nó gloine. Bhéadh ábhar cumaisc treisithe
le snáithíní carbóin suas le 5 n-uaire níos
righne agus níos láidre ná cruach, nuair a thomhaistear
iad ar bhonn an meachan céanna, i.e. Kg in aghaidh Kg.
|