|
-CTL Tástáil Teo agus Éirecomposites
Teo le Páirt a Ghlacadh i Seó Aeir Pháras an
tSeachtain seo Chugainn-
Ráiteas Nuacht Dé Céadaoin, 8Ú Meitheamh,
2005
Nuair a nochtfar an t-eitleán nua le 550 suíochán
de chuid Airbus, an A-380, an tseachtain seo chugainn ag Seó
Aeir Pháras, beidh a gcuid féin déanta ag dhá
chomhlacht Gaeltachta i bhforbairt an oll-eitleáin nua seo.
Is ceannródaithe iad CTL Tástáil Teo. agus
Éirecomposites Teo., comhlachtaí atá lonnaithe
i nGaeltacht na Gaillimhe, sna h-ábhair nua éadtroma
as a déantar suas do 25% de struchtúr an "super-jumbo"
nua seo.
Tugtar "ábhair cumaisc" ar phlaisteachaí
atá treisithe le snáithíní carbóin
nó gloine, agus tá na h-ábhair seo chomh láidir
le cruach, ach iad cúig n-uaire níos éadtroime.
Tá árdú cuimsitheach ag teacht ar an úsáid
a bhaintear as na h-ábhair cumaisc seo i scáird-eitleáin
na linne seo, agus táthar á thuar go mbeidh ós
cionn 50% de struchtúr na h-eitleáin móra amach
anseo déanta as ábhair cumaisc in ionad aluminium.
Sabháilfear breosla agus beidh taisteal níos compórdaí
ag paisinéirí dá bharr.
Tá tástáil déanta ag CTL Tástáil
Teo., sa Spidéal, Co. naGaillimhe, ar pháirteanna
de sciatháin an eitleáin nua, an A380, le déanamh
cinnte go bhfuil siad sabháilte le dul ar an eitleán.
Tá CTL agus a deirfiúr-chomhlacht Éirecomposites
Teo., atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe,
páirteach freisin i dtogra mór taighde, atá
urraithe ag an Aontas Eorpach, a chosnaíonn €100 Million,
le sciatháin nua déanta go h-iomlán as ábhair
cumaisc a dhearadh agus a fhorbairt. Tá 60 chomhlacht ar
fud na h-Eorpa páirteach sa togra seo, agus is iad CTL agus
Éirecomposites na h-aon comhlachtaí Éireannacha
atá páirteach ann.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis,
Pádraig Ó hAoláin " Léiríonn
rannpháirtíocht CTL agus Éirecomposites Teo.
i dtogra Airbus ard-chaighdeán agus saineolas an ghrúpa
in ábhair cumaisc. Tá muid an-sásta tacaíocht
a thabhairt do chomhlachtaí ard-teicneolaíochta mar
seo sa Ghaeltacht mar go gcuireann said deiseanna fostaíochta
ard-chaighdeán ar fáil do phobal óg ardoilte
agus ard-cháilithe na Gaeltachta ina gceantar féin."
Beidh an dá chomhlacht páirteach i Seó Aeir
Pháras ag Le Bourget, an tseachtain seo chugainn. Beidh CTL
agus Éirecomposites páirteach i seastán atá
eagraithe ag Fiontar Éireann, chomh maith le comhlachtaí
eile Éireannacha atá baint acu le cúrsaí
eitleoireachta.
|